
Achoimre Bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 mar chumann neamhpholaitiúil, neamhsheicteach a raibh sé mar phríomhchuspóir aige an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochan. Cé gur dhírigh nuachtáin na gluaiseachta teanga sin, Fáinne an Lae (1898–1900) agus An Claidheamh Soluis (1899–1931), ar athbheochan náisiúnta na hÉireann go príomha, bhain scríbhneoirí de chuid an dá nuachtán sin leas as scéalta idirnáisiúnta freisin d’fhonn cláir theanga, eacnamaíochta agus shóisialta Chonradh na Gaeilge a chur chun cinn. Nuair a cuireadh tús le Cogadh na mBórach go déanach sa bhliain 1899, eachtra a raibh baill an Chonartha agus pobal náisiúnach na tíre araon suaite aige cheana féin, thairg comhthéacs fáthchiallach na hAfraice Theas deis uathúil do bholscairí Gaeilge na haidhmeanna agus na hidéil sin a chur chun cinn ar bhealach corraitheach éifeachtach. Ag tarraingt go príomha ar bhunfhoinsí nuachtáin agus ábhar cartlainne ón tréimhse 1899–1902, cíortar san alt seo an leas a bhain baill agus bolscairí de chuid Chonradh na Gaeilge as comhthéacs na mBórach chun a gclár agus a n‑idéil féin a chur chun cinn. Bhí an cleachtadh sin ina eiseamláir den idirghníomhaíocht fhrithimpiriúil thraschoilíneach, mar atá sainmhínithe ag Boehmer (2002). Is é a áitítear anseo ná go ndeachaigh an plé seo ar scéal na mBórach sna nuachtáin Ghaeilge go mór chun sochair do Chonradh na Gaeilge maidir lena shoiscéal a chraobhscaoileadh le linn a ré órga i dtosach an fichiú haois.
Achoimre Is é a dhéantar san alt gairid seo úsáid an ghinidigh ar lorg an réamhfhocail shimplí seach ‘past, beyond’ i roinnt téacsanna Gaeilge ó lár an tseachtú céad déag ar aghaidh a bhreithniú. Agus fianaise Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600–1926 Acadamh Ríoga na hÉireann á ceadú, is é a áitítear anseo go mbaineann an tréith teanga seo le grúpa téacsanna atá luaite le ceantar a shíneann ó iardheisceart Uladh agus oirthuaisceart Chonnacht chuig tuaisceart Uíbh Fhailí agus isteach go Tiobraid Árann.
Achoimre Áitítear anseo nach bhfuil aon bhunús le Dubhghlas mar leagan Gaeilge d’ainm baiste Douglas Hyde. Dubhglas an síniu a bhíodh aige féin agus Dúglas a deireadh sé. Is ainm baiste é Douglas a d’eascair ón sloinne Albanach Douglas, sloinne a bhain ar dtús le ceann de na teaghlaigh uaisle ba mhó le rá i ndeisceart na hAlban. Ón bhfocal Gaeilge dubhghlais ‘sruthan dorcha’ a tháinig sloinne an teaghlaigh sin; is amhlaidh a ainmníodh iad i ndiaidh abhann a bhí cóngarach dá bpríomhdhún. Dhein Douglas Hyde gaelú ar sheanfhuaimniú a ainm bhaiste .i. Dooglas. Téarma datha ab ea dubhghlas tráth, ach ta sé ligthe i léig le fada. Ní raibh aon bhaint aige riamh le Douglas.
Achoimre Is é a bheidh á scagadh agam san alt seo ná lorg na fírinne san úrscéal stairiúil ag Alan Titley, An Fear Dána (1993), atá 30 bliain ar an bhfód i mbliana. Tugann úrscéalta stairiúla deis ar leith dúinn ceist na fírinne a iniúchadh mar gur meascán den stair agus den cheapadóireacht atá sa seánra sin. Is ionann é sin le rá, mar sin, go bhfuil idir fhírinne agus chur i gcéill san úrscéal stairiúil. Ní hamháin sin, ach deir Liam Mac Cóil, go paradacsúil, ‘go bhfuilimid ag plé leis an bhfírinne i gcónaí, fiú agus muid ag insint bréaga’ agus is fiú an ráiteas sin a phlé i gcomhthéacs An Fear Dána (AFD) ach go háirithe. Tugann Titley idir dheis agus dhúshlán don léitheoir, trí lionsa morálta agus trí shruth comhfheasa an phríomhcharachtair, Muireadhach Albanach Ó Dálaigh, an fhírinne a chíoradh agus a scagadh. Mar atá áitithe ag Thaddeus Ó Buachalla, is ‘faoistin’ Mhuireadhaigh Uí Dhálaigh atá in AFD agus éiríonn le Titley sícé stairiúil Uí Dhálaigh a athchruthú, rud nach féidir leis an staraí féin a dhéanamh agus tá fírinne de shórt éigin ansin. Glactar leis nach bhfuil aon fhírinne absalóideach ann san fhicsean agus gur rud íogair, suibiachtúil atá inti. Dá bharr sin tá sé tábhachtach go gcaitear súil ghéarchúiseach ar an bhfírinne i gcomhthéacs AFD san alt seo.
Achoimre Is ábhar díospóireachta é oiriúnacht an tumoideachais do dhaltaí ó chúlra socheacnamaíoch íseal sa taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta. Áitíonn údair an ailt seo, áfach, nach bhfuil sé ceart ná cóir buntáistí an tumoideachais a cheilt orthu. Léirítear sa taighde go bhfuil ag éirí chomh maith céanna i léamh an Bhéarla agus sa mhatamaitic faoi dheireadh na bunscolaíochta le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge DEIS is atá le daltaí i scoileanna DEIS go náisiúnta, ach aithnítear chomh maith na deacrachtaí a bhaineann le foghlaim na matamaitice sa suíomh sin (Ní Chlochasaigh et al. 2020, 2021). Ní hann do thaighde ar fhoghlaim na matamaitice san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge DEIS agus tá sé mar sprioc ag an taighde seo an t‑easnamh sin a shárú. Bailíodh sonraí tánaisteacha i nGaelcholáiste DEIS agus ón Roinn Oideachais agus baineadh leas as grúpaí fócais chun taithí na múinteoirí ar na deiseanna agus na dúshláin a ghabhann le foghlaim na matamaitice trí mheán na Gaeilge a thomhas. Rinneadh comparáid idir gnóthachtáil sa mhatamaitic (Ardteist — ardleibhéal agus gnáthleibhéal) ag na daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS agus i scoileanna DEIS go náisiúnta. Léiríodh go bhfuil ag éirí chomh maith céanna, nó níos fearr, le daltaí an Ghaelcholáiste DEIS maidir le gnóthachtáil sa mhatamaitic lena bpiaraí i scoileanna Béarla DEIS go náisiúnta ag an ardleibhéal. Léiríonn torthaí gnóthachtála ag an ngnáthleibhéal go bhfuil daltaí sa Ghaelcholáiste DEIS thíos leis ó thaobh marcanna de. Táthar ag súil go mbeidh an taighde seo, agus na moltaí a eascraíonn as, ina n-acmhainn do phríomhoidí agus do mhúinteoirí matamaitice an Ghaelcholáiste DEIS, agus Gaelcholáistí nach bhfuil stádas DEIS acu, chun tacú le daltaí na dúshláin aitheanta a shárú.
Déanann an t‑alt seo plé ar roinnt iarrachtaí a rinneadh ón ochtú haois déag i leith le Gaeilge Mhanann a scríobh i leaganacha den ghnáthortagrafaíocht Ghaelach, in áit an chórais dhúchasaigh atá bunaithe ar an mBéarla as a mbaintear úsáid de ghnáth. Faightear na téacsanna seo i dtrí chomhthéacs: 1. obair ársaíochta le Charles Vallancey (1731–1812) agus le Seumas MacLathagain (1728–1805); 2. foilseacháin i gcomhthéacs na hathbheochana teanga agus na gluaiseachta pan-Cheiltí san fhichiú haois; 3. traslitrithe i gcomhthéacsanna acadúla nó oideolaíocha ó dheireadh an naoú haois déag i leith. Scrúdaítear sleachta de théacsanna sa litriú Gaelach ó na comhthéacsanna éagsúla seo agus déantar plé criticiúil ar na ceisteanna teangeolaíocha a bhaineann le roghanna ortagrafaíochta na scríbhneoirí. Tugtar faoi deara gur minic a thagann aincheisteanna chun cinn nach bhfuil aon réiteach follasach le fáil orthu idir fuaimniú Ghaeilge Mhanann agus an tsanasaíocht Ghaelach. Baineann deacracht freisin le focail agus foirmeacha Manannacha nach ann dóibh, nó nach bhfuil coitianta, nó a bhfuil brí eile leo i nGaeilge na hÉireann nó na hAlban. Fadhb eile a fhágann nach bhfuil na téacsanna seo chomh héifeachtach agus a shílfí ó thaobh na cumarsáide idirGhaelaí de is ea easpa tuisceana na scríbhneoirí ar Ghaeilge Mhanann, ar na cineálacha eile Gaeilge, nó ar na forbairtí stairiúla a scarann iad. Dúshlán é seo a bheadh deacair a shárú in aon iarracht hipitéiseach le córas Gaelach a chruthú le haghaidh gnáthúsáide i measc cainteoirí Gaeilge Mhanann — rud a mhíníonn go pointe cén fáth nár tharla sé go dtí seo, in ainneoin an mheoin phan-Ghaelaigh atá forleathan i measc lucht na hathbheochana. Go deimhin, cé nach mbíonn go leor daoine sa phobal athbheochana róshásta leis an gcóras litrithe Manannach, tá an chuma ar an scéal nach nglacfar go deo le córas nua Gaelach don teanga. Ní mór a rá freisin go bhfuil tuiscint níos forleithne anois i measc scoláirí agus cainteoirí araon nach bhfuil an córas litrithe Béarlabhunaithe chomh hanordúil agus míshásúil agus a shíltí go minic san am atá caite. Is dócha mar sin féin go bhfeicfear iarrachtaí eile le Gaeilge Mhanann a ‘Ghaelú’ ó am go chéile i sainchomhthéacsanna den chineál ar a ndéantar cur síos san alt seo.
Achoimre Is ag tús an fichiú haois a cuireadh síolta litríocht Ghaeilge na n‑óg mar a thuigtear dúinn anois í. Tugann an t‑alt seo spléachadh ar fhorbairt litríocht Ghaeilge na n‑óg le 120 bliain anuas: na baic a bhí le sárú ag údair agus ag foilsitheoirí sna luathbhlianta, an dul chun cinn atá déanta, agus na dúshláin a bhaineann le litríocht Ghaeilge na n‑óg sa lá atá inniu ann. Léiríonn an t‑alt seo gur fearann fireann a bhí i litríocht Ghaeilge na n‑óg, idir scríbhneoirí agus spriocléitheoirí, sa chéad leath den fhichiú haois, ach tháinig athrú ar an gclaonadh sin le himeacht ama. Feictear freisin go bhfuil dlúthcheangal idir litríocht Ghaeilge na n‑óg agus staid na Gaeilge sa chóras oideachais. Díríonn an t‑alt ar an litríocht úr Ghaeilge don aos óg go príomha, cé go dtagraítear d’aistriúcháin agus do leabhair scoile freisin.
Achoimre Ar an 3 lá de mhí Iúil 1904 a osclaíodh Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. Bhí sé d’aidhm ag Coláiste na Mumhan, agus ag na coláistí Gaeilge eile a bunaíodh ar an múnla céanna ina dhiaidh sin, múinteoirí na hÉireann a oiliúint i dteanga agus i modhanna múinte na Gaeilge. Bhí córas náisiúnta oideachais faoi stiúir rialtas na Breataine i bhfeidhm in Éirinn ón mbliain 1831, bunoideachas a bhí ar fáil go hiomlán trí mheán an Bhéarla. Cé gur thug an Bord Náisiúnta Oideachais aitheantas don Ghaeilge nó ‘Celtic’ sa chóras oideachais in 1878, de bharr iarrachtaí Chumann Bhuan Choimeádta na Gaeilge, níor tháinig athrú suntasach ar stádas na teanga i scoileanna na hÉireann go dtí 1904. Glacadh le Clár Dátheangach Chonradh na Gaeilge an bhliain sin, a thug deis do roinnt páistí i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair dhátheangacha oideachas a fháil trí mheán a dteanga dhúchais féin. Is sa bhliain chéanna sin, 1904, a thosaigh na coláistí Gaeilge ar an obair mhór chun múinteoirí na tíre a oiliúint sa teanga ionas go mbeadh sé de chumas acu an Ghaeilge a mhúineadh do pháistí na tíre. Rinne lucht teagaisc na gcoláistí staidéar ar mhodhanna múinte nua-aimseartha a bhí tagtha chun cinn sna Stáit Aontaithe agus ar mhór-roinn na hEorpa. Scaip cuid mhaith de na coláistí modheolaíocht an Mhodha Dhírigh ach go háirithe, cé gur tháinig an-chuid díospóireachtaí chun cinn i dtaobh nádúrthacht na Gaeilge a múineadh leis an modh sin. Tabharfar léargas san alt seo ar luach oideachasúil na gcoláistí Gaeilge i mblianta luatha an fichiú haois, agus ar an obair cheannródaíoch a cuireadh i gcrích iontu ó thaobh mhodhanna múinte na teanga. Léireofar chomh maith nach mbeadh sé de chumas ag rialtas Shaorstát na hÉireann an Ghaeilge a chur ag croílár an chórais oideachais ó 1922 ar aghaidh gan obair mhór na gcoláistí Gaeilge ón mbliain 1904. Cé gur beag eolas atá foilsithe go fóill i dtaobh stair na hinstitiúide oideachais ar leith seo, atá faoi lánseol in Éirinn le beagnach 120 bliain, cuireann an t-alt seo roimhe fiúntas na scoláireachta ar na coláistí Gaeilge a léiriú, agus anailís a dhéanamh ar olltábhacht na gcoláistí i stair oideachas na Gaeilge.
Achoimre I Samhain 1914, agus an Cogadh Mór ar siúl, níor leomh John Pentland Mahaffy, Leas-Phropast Choláiste na Tríonóide, do Phádraig Mac Piarais labhairt ag comóradh speisialta in ómós do Thomas Davis a bhí á eagrú ag Cumann Gaelach an choláiste. Dar le Mahaffy, níor chóir go mbeadh cead cainte i gColáiste na Tríonóide ag an Phiarsach — ‘a man called Pearse’ — a bhí luaite leis an fheachtas in éadan na hearcaíochta in arm na Breataine. Nuair nár aistarraing coiste an Chumainn Ghaelaigh an cuireadh agus nuair a d’fhoilsigh sé a chomhfhreagras le Mahaffy san Irish Times, chuir bord Choláiste na Tríonóide an Cumann Gaelach faoi chois. Eachtra iomráiteach is ea conspóid Chomóradh an Dáibhisigh 1914 a bhfuil staraithe is scríbhneoirí eile i ndiaidh cíoradh a dhéanamh uirthi i nGaeilge agus i mBéarla. Go hiondúil, breathnaítear uirthi trí lionsa bheatha an Phiarsaigh mar imeacht a chaitheann solas ar an chlaochlú ar phróifíl phoiblí an Phiarsaigh ó ghníomhaí teanga go scarúnaí míleata polaitiúil, claochlú a tháinig chun buaice le hÉirí Amach na Cásca is lena bhású. San alt seo ina dtarraingítear ar réimse leathan foinsí ó ábhar cartlainne go nuachtáin de chuid na linne, meastar conspóid Chomóradh an Dáibhisigh as an nua. Feictear nach raibh ach mionpháirt imeallach ag an Phiarsach inti agus gurbh iad Mahaffy agus triúr ball de choiste an Chumainn Ghaelaigh príomhphearsana an dráma. Fad na slí, breathnaítear ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcomhthéacs oibriú cultúrtha is polaitíochta na linne, dírítear ar choiste an Chumainn Ghaelaigh sa bhliain 1914, agus ceistítear beaichte na gcuntas foilsithe ar an tslí gur fhreagair Coláiste na Tríonóide do bhaill an choiste a raibh lámh acu sa chonspóid. Le clabhsúr a chur ar an aiste, tagraítear d’athbhunú an Chumainn Ghaelaigh i bhfianaise chúinsí úra pholaitíocht na hÉireann sna 1920idí luatha nuair a bhí ar Choláiste na Tríonóide teacht chun réitigh le bunú Shaorstát Éireann.
Achoimre Féachtar anseo ar dhialanna luatha Uí Ríordáin faoi mar a thráchtann siad ar ghalar na heitinne sa tréimhse idir 1940 agus 1950. Tosaíonn Dialann 1 ar an 1 Eanáir 1940, agus críochnaíonn Dialann 8 ar an 8 Márta 1950. Tugann na dialanna seo éachtaint ar a raibh á fhulaingt ag an Ríordánach agus é ina fhear óg, agus faightear iontu léiriú gléineach ar thaithí laethúil an duine bhreoite, ar thaithí an té atá faoi ghalar riospráide. An rud atá suntasach agus éagsúil faoi Ó Ríordáin ná go ndéanann sé plé rialta, beagnach laethúil ar a shláinte, agus ar an streachailt leanúnach a bhaineann léi. Tugann sé insint uaidh, mar shampla, ar nithe mar seo a leanas, meáchan a choirp, taomanna breoiteachta a bhuaileann é, sealanna sa sanatóir, iarrachtaí chun cumarsáide nár éirigh leo, stiogma na heitinne sa phobal, etc. Tá luach faoi leith ag baint leis na hinsintí seo, agus tá níos mó sna dialanna ná cuntais ghonta ghairide ar a bhreoiteacht; bíonn siad fada, mionchúiseach, agus pearsanta. Féinscagthach agus dian air féin go minic, is beag an dóchas a bhíonn aige agus é ag cur síos go mion ar na nithe beaga laethúla a bhaineann le saol an bhreoiteacháin. Is minic an tuairim aige go bhfuil an bás lena ais agus luann sé cuma a chuid seile, an chasachtach a bhíonn air, an réama a thagann aníos agus na fiabhrais arda a thagann air. Mar sin, tá luach faoi leith ag baint leis an taighde seo i gcomhthéacs stair an leighis in Éirinn agus sa staidéar ar Dhaonnachtaí an Leighis.